Buiséad milliún in aghaidh fiabhras muc
Tar éis ráig de fhiabhras na muc Afracach sa Bheilg, tá milliún euro á chur ar fáil ag réigiún na Vallóine chun an galar a chomhrac. Dúirt na húdaráis go raibh an t-airgead curtha in áirithe do bhearta teicniúla agus lóistíochta.